Tá cosáin d’óg is d’aosta anseo sa Ghaeltacht imeasc aillte áille, imeasc tránna fhairsinge. Tá stair, seandálaíocht, logainmneacha, an teanga bheo, an dúlra, an dúchas agus spioradáltacht le fáil agus le brath i ngach aon treo. 
Cosán na Naomh atá níos ársa ná an Chríostaíocht féin. Síneann sé ó Cheann Trá go Cnoc Bhréanainn ag tabhairt cuairte ar na láithreacha seandálaíochta is mó cáile san áit. Slí Chorca Dhuibhne a thimpeallaíonn an leithinis agus siúlóidí ‘Imeall an Domhain’.

Cover (258 KB pdf)

Map (507 KB pdf)

Text (85 KB pdf)

Leaflet on Cosán na Naomh