Leabhair agus café

Tá leabhair shuimiúla ar fáil sa siopa leabhar ar stair agus ar sheandálaíocht na leithinise, chomh maith le leabhair thagartha do mhic léinn is do lucht foghlama is lucht taighde na Gaoluinne.
Tá roinnt mhaith leabhar do leanaí ann, leabhair ar na Blascaodaí, ar bhláthanna agus ar fhiashaol na leithinise agus araile. Díoltar treoirleabhair agus léarscáileanna don siúl agus don dreapadóireacht, cartaí poist agus beannachtaí, fístéipeanna, dlúthdhioscaí agus ábhar agus áiseanna teagaisc do mhúineadh na Gaoluinne.
Agus tú sa siopa leabhar is féidir cupa caifé a ól sa chafé – is féidir espresso, latté, cappucino etc. a bheith agat.

Bookshop & Cafe

Foilseachán Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Flóra Chorca Dhuibhne

Aspects of the Flora of Corca Dhuibhne (1995): ISBN 0-906096-07-3

Beidh spéis sa leabhar seo ag gach aon duine ar suim leis Corca Dhuibhne, go háirithe ó thaobh an nádúir de. Cur síos atá sa leabhar seo ar fhlóra Chorca Dhuibhne. Tá cur síos ann ar mhórán de ghnáthphlandaí Chorca Dhuibhne le pictiúirí áille daite. Taispeántar na plandaí ina dtimpeallacht nádúrtha, le cur síos ar nósanna, ar leigheasanna traidisiúnta agus ar an mbéaloideas a bhaineann leo. Praghas: €15.00.
Is féidir é a fháil tríd an suíomh seo:
www.oidhreacht.ie/foilseachain.asp