Tá Músaem Chorca Dhuibhne lonnaithe sa seana-thigh scoile (a tógadh sa bhliain 1875 – séadchomhartha ann féin!) i mBaile an Fheirtéaraigh, 13 km (8 míle) siar ó bhaile iascaireachta an Daingin, in iarthar Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí, ceantar aoibhinn in iar-dheisceart na hÉireann.

Tá an músaem ar oscailt ón 10.00 – 5.00 7 lá na seachtaine (10:00 r.n – 5:00 i.n., gach lá don samhraidh ón deireadh Mí Bealtaine go lár Meán Fómhair). Is féidir teangabháil linn chun socrú a dhéanmh má teastaíonn ort cuairt a dhéanmh i rith an geimreadh.

Ins an mhúsaem gheobhaidh tú éachtaint ar gheolaíocht, ar sheandálaíocht agus ar stair na leithinise. Tá cuid dos na hiarsmaí ar iasacht ó Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus táimid an-bhuíoch díobh astu sin.

Bíonn clár taispeántaisí taistil bliantúil ar ábhair dhifriúla againn chomh maith. (Taispeántaisí Taistil).

Tá spás úrnua curtha ar fáil sa Mhúsaem do thaispeántaisí sealadacha chomh maith le taispeántaisí taistil. Tá fáilte roimh ghrúpaí ón gceantar a bheadh suim acu taispeántas a reachtáil an áis seo a úsáid tré dhul i dteangbháil leis an gCaomhnóir.

Ins an mhúsaem, tá café chomh maith le siopa leabhar. Tá rogha caifé ann, agus cistí chomh maith. Osclófar an múseam duit sa gheimhreadh ach é a iarraidh go speisialta.Táimíd ana-bhuíoch don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus an gComhairle Oidhreachta, as a dtacaíocht.Bain taitneamh as do thuras!

Exhibits at West Kerry Museum
Outside view of West Kerry Museum