You are currently viewing Buantaispeántas Nua do Mhúsaem Chorca Dhuibhne

Buantaispeántas Nua do Mhúsaem Chorca Dhuibhne

Cúisáthaisdúinn go bhfuilglactha leis an gcomhlachtdeartha New Graphic chun buantaispeántas nua a  chur le chéile do Mhúsaem Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh. Tá túscurtha leis an dearadh, an leagan amach agus an téacs cheana féin agus chífear toradh na hoibre sin le linn 2019.  Ba mhinic moladh á fháilt ó chuairteoirí i gcian agus i gcóngar ag dearadh Paul Francis ach is mithid dúinn anois dul i muinín na bhforbairtí nua, go háirithe sa teicneolaíocht agus an dearadh nua á dhéanamh. Agus tá déantáin nua i mbailiúchán an mhúsaeim ó shin agus beidh téamaí breise nua a bhfuil baint acu le Corca Dhuibhne mar chuid den taispeántas chomh maith.  Beidh insint ar ghéolaíocht, ar sheandálaíocht agus ar stair Chorca Dhuibhne, dar ndóigh ina dlúthchuid den taispeántas i gcónaí.  Táimid ag súil leis go dtaitneoidh an leagan amach nua ar an Músaem libh. Tá an Músaem buíoch don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus na Gaeltachta as deontas a chur ar fáil don obair seo fén Scéim Caipitil um Chultúr agus Ealaíona.