You are currently viewing Bronnadh

Bronnadh

Dhein Conor Newman, Cathaoirleach an Chomhairle Oidhreachta, Creidiúnú Eatramhach sa Clár um Chaighdeáin do Mhúsaeim na héireann a bhronnadh ar Mhúsaem Chorca Dhuibhne ag ócáid i mBaile átha Cliath inné. Seo scéim deachleachtais do mhúsaeim na tíre atá á riaradh ag an gComhairle Oidhreachta le tamall de bhlianta. Bronnadh an gradam ar an Mhúsaem cheana i 2008 agus moladh gur leanadh leis an deachleachtas atá á dhéanamh ar bhuiséad ana-bheag. Dúirt Isabel Bennett, Caomhnóir, go ndéanadh tagairt ar leith go bhfuil an taispeántas ar fáil i seacht dteangacha. Beidh Músaem Chorca Dhuibhne ag súil le Creidiúniú Iomlán a bhaint amach sna blianta atá romhainn toisc go mbeidh áit stórála ceart don Mhúsaem san Lárionad Forbartha Gaeilge agus Gaeltachta atá á thógaint i mBaile an Fheirtéaraigh.