Tá an chathair suite ar shleasa thiar Chnoc Bhréanainn, sé mhíle lastuaidh den Daingean. Tá radharc iontach ann ar an timpeallacht mháguaird, ar an gcósta agus ar Chuas an Bhodaigh ó thuaidh. 
Tá baint stairiúil ag Naomh Bréanainn leis an gcuan seo. Tá radharc ó dheas ar bhéal Chuan Ard na Caithne agus ar an Tiaracht ag bun na spéire. Is beag na cathracha sa cheantar ina dtagann an dá chuan seo faoi raon na súl. Is léir óna déantús gur mar ionad cosanta a tógadh í.
Is le clocha nó le meascán de chré is clocha a thógtar cathracha de ghnáth. Tá lios cré ar a bhfuil aghaidh cloch agus clocháin bhriste laistigh ann, suite sa ghort taobh leis an gCathair. Is tógtha le clocha nó de dhéanamb an Chaisil atá Cathair na bhFionnúrach. 
Is ann a bhí áitreabh ar fheirmeoir rachmasach sa mheánaois luath. Is dóichí gur idir an 8ú is an IOÚ aois a tógadh an Chathair. Bhí gá lena leithéid d’áitreabh in éirinn na linne de dheascaibh an aighnis i dtaobh na talún is na ndamh a bhí coitianta i measc na ndaoine.
‘Sé an t-ainm a thugtar ar an gCathair go háitiúil ná ‘Cathair na Bhoghaisín’ a chiallaíonn ‘Cathair na bhFáinní’ nó ‘Cathair na Bogha Báistí’.
Tugadh tréithe suimiúla na Cathracb chun solais le linn na tochailte a deineadh ar an láthair idir 1994 is 1997. Fuartbas an-chuid eolais nua i dtaobh áitribh luath sa cheantar i ngeall ar an tionscnamh taighde seo.
Tógadh an Chathair agus na structúir taobh istigh di le cloch thirim. Tá falla mór tógtha timpeall ar thigh mór ina raibh dhá sheomra agus seomra faoi thalamh ar a dtugtar ‘óin’. Tá díog éadoimhin tógtha timpeall an fhalla seo taobh istigh. Tá an óin lonnaithe faoin dtigh agus tá béal an phasáiste sa seomra beag. ‘Sé an trastomhas atá ar an gCathair ná 29m agus tá an falla timpeall uirthi 2.5m ar airde is 3.5m ar leithead.

Cathair na bhFionnúrach
An t-iar Aire Eamonn ó Cuív, a dhein bronnadh air Doncha ó Conchúir
An t-iar Aire Eamonn ó Cuív, a dhein bronnadh air Doncha ó Conchúir, nach maireann, duine a chuir tús ar Oidhreacht Chorca Dhuibhne, ag an oscailt oifigiúil de Cathair na bhFionnúrach

AN TIGH

Tá dhá sheomra an ti comhcheangailte i gcruth d’uimhir a 8 agus té céimeanna doch á nascadh. Tá na seomrai ciorcalach taobh istigh, iad 6.5m agus 4.5m trasna faoi sheach. Tá suíomh lárnach ag an seomra mór sa Chathair agus is féidir teacht air trí úsáid a bhaint as an bpábháil cloch ón bpríomhoscailt san iarthar. Tá draein inmbeánach agus an súmaire a bhaineann leis laistigh ann. (Tá leacacha curtha ós cionn an tsúmaire).
Tá sraith de phoillpholla le feisdnt i ngach seomra rud a thugann le fíos go mbíodh craobhacba adhmaid ann tráth chun an díon giolcach a choimeád in airde. Is cosúil go raibh deighilt inmheánach sa tigh tráth. B’fhéidir go bhfuil cuid de na poillpholla ann i ngeall ar an treallamh a bhíodh ann tráth ar nós stól is bínsí nach bhíuil arm a (huilleadh. 
Bhí dhá thinteán sa seomra mór chomh maith le foirnéis bhruithnithe iarainn, poll ina raibh cnámha muc agus poll mór eile a bhí lineáilte le clocha. Bhí tinteán sa seomra beag chomh maith. Si an fhianaise is suimiúla a fuarthas maidir leis an deighilt inmheánach sa tigh ná an líne dúbailte de phoillpholla timpeall bhéal na hónach sa seomra beag. Bhíodh falla feidín caol ann tráth i dtreo is nach dtitfeadh áitreabhaigh an tseomra isteach i mbéal na hónach. Tá teacht ar an seomra beag trí oscailt ar an dtaobh theas den Chathair agus tríd an seomra mór.
AN óIN

Tháinig an focal ‘souterrain’ chugainn ón bhfraincis agus ciallaionn sé faoi thalamh. D’úsáidtí na hónacha mar ionaid dídine nó mar ionaid stóir. Tógadh an óin i mBaile na bhFionnúrach le clocha agus is dealraithí gur mar ionad stóir a d’úsáidtí í toisc nár deineadh aon iarracht a béal a cbeilt. Téitear isteach ann trí pholl atá líneáilte le clocha; tá falla inmheánach an tí bhig mar áirse ar chuid den pholl seo. Tá ardán cré agus céimeanna cloch ag dul síos ón bpoll chun bualadh leis an seomra thíos. Tá an seomra beagáinín cuarach agus leacacha móra mar dhíon air. 
Léirigh an tochailt a deineadh ar an óin cúpla poll éadoimhin a bhí greannta sa seanúrlár. Nochtadh gáitéir éadoimhin agus súmaire chomh maith. Is cosúil go líonadh an seomra le huisce ó am go ham agus gur leagadh síos sraith cloch i ngeall ar an deacracht seo, chun úrlár nua a diruthú ag leibhéil níos airde.
TRéITHE FALLAí

Bhí dhá sbeomra i bhfalla na Cathracli ó thús. ceann de na seomraí nuair a bhíothas ag tógaint cosán eirme agus deineadh díobhháil de chuid d’oirthear agus d’oirdheisceart an fhalla. Thángthas trasna ar an dara seomra an athuair le linn na tachailte. Tá fárdhoras íseal ag béal an tseomra agus céim ag dul síos uaidh go dtí an oscailt phábháilte. Tá an taobh istigh toirtiúil agus (á slí do suas le 20 duine ann. B’fhuirist an bealach isteach go dtí na seomraí seo a cheilt agus is dóichí gur mar ionad dídine in am an ghátair a úsáideadh iad. B’fhéidir gur úsáideadh iad mar ionaid stóir chomh maith.
Deineadh díobháil d’oirdbeisceart an fhalla chomh fada leis an gceathrú iartharach. Leagadh cuid den imlíne oirthearach nuair a bhíothas í mbun chosán feirme a thógaint. Dheisigh foireann ó ‘Dhúchas’ an díobháil a deineadh.
Tá oscailt chúng l.4m ar leithead sa roinn iartharacb. Deineadh díobháil den chloch ursain ag an oscailt agus do chuid den fhalla ar an dtaobh thiar theas go dtí an bonn. Tá sé seo deisithe ó shin chomh maith. Is cosúil go raibh díon tógtha os cionn na hoscailte tráth agus is léir go raibh doras nó geata ann toisc an phoillpholla mhóir atá le sonrú ann.
Tá almóir ar aghaidh inmheánach fhalla na Cathrach sa roinn thiar thuaidh cóngarach do leibhéal na talún.
Is léir ó phleananna luatba go raibh céimeanna trasna aghaidh inmheánach an fhalla agus déantar cur síos ar an láthair mar seo a leanas i litir a scríobhadh i 1893. ‘Tá an falla timpeall na cathrach 11 troigh ar leithead agus thagtaí aníos ar na céimeanna agus ar na bínsí ón dtaobh istigh’. Thángthas ar na céimeanna agus ar na bínsí seo le linn na tochailte agus tá athchóiriú déanta orthu ó shin.
AN POLL MóR

Fuarthas poll doimhin laistigh den chathair atá 2m ar leithead agus l.9m ar doimhneas. Tá sé suite cóngarach d’aghaidh sbeachtrach fhalla an tseomra mhóir ar an dtaobh thuaidh. Tá aghaidh cloch ar cbuid de. Baineadh úsáid as carraig mhór nádúrtha chuige seo agus leagadh docha eile d’aonghnó ann chomh maith.
Líonadh an poll siar isteach d’aongbnó glan. Nuair a baineadh na clocha uachtaracha, aithníodb alán sraitheanna d’ábhar orgánach. Bhí tuí, féar, líon agus saghasanna éagsúla torthaí ar nós úll agus sméara dubha i measc na n-ábhar orgánach aithniodh. Fuarthas collchnónna agus síolta fhíonchaora ann chomh maith. De bhrí go blifuarthas eiscreidiú ann is léir go n-úsáidtí é mar pholl aoiligh.
áITREABH SEACHTRACH

Tá falla neamhghnáthach páirce teorannta le roinn iartharach na Cathrach. Deineadh scrúdú ar an bhfalla seo trí shuirbhé agus tochailt tbrialach agus aithníodh íothracha de thrí cblochán. Leagadh cuid de na clocháin seo nuair a bhiothas ag tógaint an chlaí teorann. Is deacair dáta cruinn a chur ar na láthaireacha seo toisc go mbítí ag tógaint clochán go háitiúil go dti le déanaí. Tá claí teorann neamhghnáthach an ghoirt le feiscint ar an gcéad eagrán den suirbbé ordanáis. Tugann sé seo le tuiscint go mbaineann na docháin seo le dáta roimh lár na naoú baoise déag. B’fbéidir go bhfuil baint acu le háitreabh meánaoiseach a bhí ar an gCathair. ‘Siad na rudaí is mó a íuarthas de bbarr na tochailte ná airm chloch shimplí ar nós clocha faobhair agus splanc-chlocha. An t-aon photaireacht a fuarthas ar an láthair ná blúirí de photaireacht iompórtáilte ó oirthear na Meánmbara ar a tugtar ‘B Ware’. Baineann an saghas seo potaireachta leis an 6ú aois agus b’fbéidir go mbaineann sé le háitreamb níos luaithe a bhí ar an gCatbair. I measc na rudaí is suimiúla a fuarthas bhí dhá scian iarainn, blúire de mhionsábh, blúirí de choirnin ghloine ghoirm agus bluirí de shoitheach a úsáideadh chun miotail leáite a dhoirteadh. De bhrí go raibh foirnéis bhruithnithe iarainn ann chomh maith le slaig iarainn agus soitheach is léir go raibh áitreabhaigh i mbun táirgíochta a gcuid miotail féin ar an láthair. Nochtadh dhá phingin d’Anraí III a bhain le lár na triú haoise déag chomh maith le meáchan luaidhe. Fuartbas deil chlúdaigh ina raibh scathán beag agus deil phláta sa pholl mór. Baineann na rudaí a fuarthas sa pholl leis an ré iarnormannach. B’fhéidir go raibh an láthair seo in úsáid chomh luath leis an séú aois. Tógadh an chatbair ina dhiaidb sin agus bhiothas lonnaithe ann ó am go ham fiú go dtí an tríú céad déag.