Cartlann

Suirbhé Seandálaíochta Chorca Dhuibhne (1982-84)

Sa chartlann seo tá na cáipéisí go léir a bhfuil eolas is cur síos iontu ar gach suíomh seandálaíochta ar an leithinis, chomh maith le léirsceálanna, grianghraif, pleananna 7rl. Is feidir coinne a dhéanamh chun teacht ag féachaint ar an gcartlann.

Dingle Peninsula Archeological Survey

Flóra Chorca Dhuibhne.

‘Sé atá sa chartlann ná naoi gcinn déag d’fhillteáin, pictiúirí daite is go leor eolais ar an réamhobair go mba chuid de thionscnamh de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne í ar bhláthanna fiáine na leithinise.
Leabharlann an Mhúsaeim. Leabhair staire, leabhair fén ndúlra, fístéipeanna agus caiséidí a bronnadh ar an Músaem. Tháinig an-chuid des na leabhair ón Athair Mícheál ó Cíosáin, iarshagart paróiste Bhaile an Fheirtéaraigh agus staraí áitiúil agus ó Mhícheál ó Lúing, Nádúraí agus Tábhairneoir.

Flóra Chorca Dhuibhne